Beidh Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn á thionól arís ar an Aoine, Aibreán 22, in Ostán Ghobnatan ag 7.30in. Tá Gobnait Ní Chruadhlaoich ceaptha ina hUachtarán ar an Dáimh Scoil mar chomharba ar Bhetsy Ní Shuibhne, ár gcára dhíl, a cailleadh i Meán Fómhair 2019, agus guimíd gach rath uirthí leis an gcúram.
De réir traidisiún, is ón Uachtarán a thagann An Chuireadh agus an Cléireach a chumann An Cheist. Tá sin iompaithe bun os cionn againn i mbliana. Beidh Dámhscoil arís againn i mí na Nollag, ag filleadh ar an am traidisiúnta.