Nuair a fheicim an ghlúin nua ag teacht
Ní thagann orm aon lag mhisneachMo pháistí féin, gasra óg Ghaeil
Fuinniúil, spreagtha is lán le taispeach.
Líonann mo chroí le dóchas is muinín
Nuair a bhrathaim talann mo mhac is m’iníon
Acu san an éirim atá in ann don dúshlán
Ár gcultúr ar leith a thabhairt i réim arís.
Fag an bealach agus géill an slí
Do dhream dearg le fearg is lán le brí
Réabhlóid a sprioc, a chasann de shíor
Is fearrde ár dteanga amach sa todhchaí.
Labhrann siad i dteanga nach dtuigfeadh ár sinsir
Gaeltacht a fhásann ó h-oíche go h-oíche
Téacsais is téarmaíocht ó shaol atá ar mire
Is rapannaí a cheiliúrann saol nach gcleachtaimídne.
Ní hé an sean nós tús nó deireadh an scéil
Ní hé Corn Uí Riada an t-aon craobh
Tá claochló sa tsiúl is éabhlóid ag tarlú
Athrú ar an saol is an Ghaoluinn dá réir.
Cad a dhéanfaimíd atá ag imeacht in aois?
An éistfear linn? Bhfuil feidhm lenár ngaois?
Rud amháin cinnte, éist liom anois
Ní h-éireoidh le toirmeasc cros nó cinsireacht.
An féidir an dhá shruth a cheangal
In abha mhór, díle na nGael
A scuabfaidh lei i tulca ón sliabh
Freasúra inár slí anois agus riamh?
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach.