Curfá
Bliain na pandéime
Bliain trína chéile
Srianta is rialacha
A’ bhfuil aon rud le ceiliúradh?
Suaimhneas is ciúnas mórthimpeall orainn
An spéir gheal ghlan gan scamall
Faoiseamh iontach dos na héiníní
Buairt uafásach ar O’Leary!
Curfá
Am sa bhreis ag formhór againn
Chun aithne a chur ar a chéile
Ionsaí sa bhaile do thuilleadh againn
Greamaithe sa tig gan rogha
Curfá
An t-uaigneas níos measa do chuid againn
Le bás ár muinntir gan tórramh againn
Gan ach dlúth cháirde in aice linn
Sin mar a b’fhearr le roinnt againn.
Curfá
Buairt agus brú ar an óige
Gan chairdeas, gan rince, gan cheol acu
Iomad ama dá chaitheamh ar na meáin acu
Ag crochadh timpeall gan treo acu.
Curfá
Follúntas mhór dá lán againn
Gan obair, gan togra ná rogha againn
Spás don chruthaitheacht do roinnt againn
Chun bóthar’s treo nua a roghnú againn
Curfá
Anois a ghlaoim ar fhilí na dúithí
Mar onór ’s ómós d’ár sinnsear
Dáimhscoil Mhúsraighe a choimeád beo beathach
Leis an gCeist seo rómhaibh a fhreagairt.
Curfá
Na bóithre deas ciúin ’is sábhálta
Balaithe breá cumhra na bhfiailí ann
Daoine ag siúl, ag rith is ag rothaíocht leo
Na h-ainmhithe saor ….
Gobnait Ní Chruadhlaoich
Uachtarán
An Cheist 2019
Nuair a fheicim an ghlúin nua ag teacht
Ní thagann orm aon lag mhisneach
Mo pháistí féin, gasra óg Ghaeil
Fuinniúil, spreagtha is lán le taispeach.
Líonann mo chroí le dóchas is muinín
Nuair a bhrathaim talann mo mhac is m’iníon
Acu san an éirim atá in ann don dúshlán
Ár gcultúr ar leith a thabhairt i réim arís.
Fag an bealach agus géill an slí
Do dhream dearg le fearg is lán le brí
Réabhlóid a sprioc, a chasann de shíor
Is fearrde ár dteanga amach sa todhchaí.
Labhrann siad i dteanga nach dtuigfeadh ár sinsir
Gaeltacht a fhásann ó h-oíche go h-oíche
Téacsais is téarmaíocht ó shaol atá ar mire
Is rapannaí a cheiliúrann saol nach gcleachtaimídne.
Ní hé an sean nós tús nó deireadh an scéil
Ní hé Corn Uí Riada an t-aon craobh
Tá claochló sa tsiúl is éabhlóid ag tarlú
Athrú ar an saol is an Ghaoluinn dá réir.
Cad a dhéanfaimíd atá ag imeacht in aois?
An éistfear linn? Bhfuil feidhm lenár ngaois?
Rud amháin cinnte, éist liom anois
Ní h-éireoidh le toirmeasc cros nó cinsireacht.
An féidir an dhá shruth a cheangal
In abha mhór, díle na nGael
A scuabfaidh lei i tulca ón sliabh
Freasúra inár slí anois agus riamh?
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach.