Fearaim fáilte uí Fhloinn roimh fhilí na hÉigse
Chuig Dáimh Scoil Mhúscraí atá ag filleadh go déanach
Trí bliana caite ó thánamar le chéile,
Sinn scoilte ag bás is srianta paindéime.
B’í Betsy ár nÉarlamh ag ár dtionól is déanaí
Ach tá sí anois glaoite go h-ard chúirt na nÉigeas
Comhluadar na rannairí ba bhreatha in Éirinn
An Suibhneach, Ó Ceocháin is Gael úd na nGaelaibh.
Tá cuimhne agam ar oícheannta órdha
Bhíos agus sibh i mblath geal ár n-óige
Amhráin is lúibíní bhí greannmhar is ceolmhar
Le rithim is saibhreas is meadracht bhí tomhaiste.
Cad tá i ndán dár nDáimh Scoil tá críonna?
An dtiocfaidh glúin óg chun an ród romhainn a shíneadh
Thairis an Chéad atá timpeall an chúinne
An mairfidh filíocht go beo inár ndúthaigh?
Concubhar Ó Liatháin
Cléireach
An Cuireadh 2019
Éistigí liom a mhuintir fodhla
Mar tá scéal agam le ríomh díbh
Ceiliúrfar Dáimh Scoil Mhúscraígo h-onórach
Idir dhá Nollaig do’n tríú bliain is nócha
Is áthas liom an cuireadh a sheoladh
Is glacaigí go h-áthasach lem’ ordú
Tarraing chúghaibh na pinn nó an ríomhaire nua
Is cuirigí bhur smaointe I bhfoirm línte
Níl Aodhgán, Piaras ná Eoin Rua timpeall
Ach tá a gceird go doimhin ‘n bhur bhféithe
Árduighidh ár meanma ar ardán
Is cúis mórtais aithbhliana ‘nar gcroíthe
Betsy Ní Shuibhne, Uachtará