Ar cheart dúinn éirí as ar fad?
Teanga ár sinsir, teanga mo Dheaid
Ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?
An bhfuil a mná caointe réidh le h-omós nó scread?
Is minic í curtha ach ní raibh riamh uirthí leacht
Is minic a raibh torramh gan í marbh i gceart
D’óladh go leor is caitheadh tabac
Is fógraíodh a bás go minic le h-ais.
Is iomaí lia teanga atá ceapaithe bheith ceart
Le céimeanna móra agus staidéar ana leamh
Nuair a bhraith siad a cuisle, níor mhothaigh aon phreab
Dúirt go raibh éagtha is bailithe ar Neamh.
Ach seo sinne á labhairt is á ceapadh
An bhfuilimíd ar mire nó díreach ag magadh?
Gan deontas nó breab, an mbeimíd ag tanú?
An é go bhfuil beatha go fóill inár dteanga?
Nuair a luann tú an Ghaeilge tuigeann gach éinne
Gur tusa an Óisín ag lorg na Féinne
Tá Fóras is Údaráis in ainm í a chaomhnú
Ach an sinne, eiricigh, a thabharfaidh fad saol di?
An Ceangal
Sin chughaibh mo cheist, táim ag feitheamh le freagra
Ní eistfead le casaoid, cnáimhseáil ná gearán
Ceist í atá simplí faoi chúis atá deacair.
An chéad cheist ó Choncubhar, tar ar ais a Pheadair!.
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach Fé Oiliúint.