An Cheist 2015

Bliain roimh chomóradh an Éirí Amach
An bhfuilimíd cheana féin breoite tinn tuirseach?
Tá bréag thír ghráthóirí lán le teaspach
Á ngléasadh féin go glórmhar in éide Thrí Dháthach!

Ár taoisigh is ár saoistí chun tosaigh ar an slua
Ina gceannairí ar gheilleagar, ní fiú naisiún a lua.
An Ghearmáin i réim nó is acu a raibh an bua
In ainneoin coimhlintí na staire nuair a thuill siad diomua.

Táimíd díolta le gallaibh faoi dhó nó faoi thrí
Ag polaiteoirí is eile, na boic a thiomáin an spraoi.
Ná ceapfá faoin am seo gur againn a raibh ciall cheannaí
Ón taithí atá faighte againn ar íoc a mbillí!

Céard a cheapfadh Mac Piarais, Ceannt is James Connolly
Ar na reic atá déanta ar a gcuid mhór aislingí?
An gceapfá go mbeadh siad sásta bheith athuair ina íbirtígh 
Ar son naisiún atá ar strae agus arís in ísle brí?

An ar son na mbaincéirí lofa a íoc siad ard éiric
Nó ar son lucht ceannais is meáin, lucht cumtha na n-éitheach
An bhfoghlaimeoimíd ceacht ó phian pháís na nGréigeach?
Nach bhfuil sé thar am dúinn ár gcinniúint féin arís a éileamh?

Concubhar Ó Liatháin, Cléireach.