A fhilí na Dáimhe níl bhur gclú le sárú
Mo chairde, bhur gcairde clann cairdiúil dlúth
Glacaigí lem’ chuireadh seolta go fáilteach
Is tagaigí ‘n bhur sluaite le h-úire bhur smaointe
Breacaithe i bhfoirm bhéarsaí mar is dual don bhféile
Bídís aerach, gairid nó fada ar do rogha mhéadar
Déanaigí moladh agus spórt ar gach ábhar ach aoir
Beannacht Dé leis na filí d’fhág sinn go tréith lag
I bhflaitheas na ngrást táid ‘nár n-aice fós
Go gnóthach ár bhféile a choimeád ar an bhfód
Is fada an lá é chíncís 1925
Filí Dáimh Scoil Mhúscraí ag saothrú gan dua
Ag ceiliúradh gach bliain ndiaidh a chéile
Tair chughainn i mbliana fáilteofar tú gan iarracht
Ach gheóbhair bualadh bos éachtach má bhíonn agat dán
Geallaim díbh sult is oíche caithréimigh
Mar a chleachtaí in Éirínn i laethe na sean
Tá mo chroí ag preabarnaigh ag súil le bhur ndréachtaí
Beidh oíche go maidin againn a bheidh fileata léannta
Nócha bliain caite ag ceiliúradh an traidisiún gaelach is arsa in Éirinn
Betsy Ní Shuibhne, Uachtarán