An Eoraip a spreag ár naoimh is scoláírí
Anois tá sé i mbaol ó fhuath na gciníochaí
An aisling a fíoraíodh le deireadh a chur le cogaí
An dtiocfaidh sí slán nó an mbeidh fós lei aon bhrí?
Bhfuil i ndán don ghoimh an chneas
Idir an pobal ó thuaidh is an muintir ó dheas?
An scian sáite go feirc is le tréan dímheas
Le fórsa is fearg a ruagimíd aontas.
An féidir linn arís nó choiche bheith beo in aontíos
Le nimh sa bhfeoil eadrainn is clocha ‘nár muinchillí
Níl falla á thogáil ach féach ar fhás na dteorainní
Ní féidir an locht a chur ar Dhónal an Bhiliúnaí
Má imíonn uainn an Eoraip, an éalóidh leis an mian croí
Go mbeadh aontas sa tír seo a sharódh sean choimhlintí
Tone, Emmet, Mac Piarais is James Connolly
An beag linn anois luach a gcuid íbirtí?
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach.