‘Bhfuil tír na n-óg fós ar chúl an tí?
An cheist í seo le haon splanc céille?
An bhfuil gach leanbh anois ar an idirlíon?
An áit nach labhartar ann ach téacsais?
An mbeidh ceol nó spórt in ár dtodhchaí
An mbeidh aon duine a inseodh scéal duit?
Cad is fiú scoil nó múinteoirí a dhíol
Nuair a mhúineann iPad le costas-éifeacht?
An riachtanas Rialtas inár dtodhchaí
Nach bhfuil ‘app’ do sin san éatar?
Nach mbeimís níos fearr as gan ceart nó dlí
Gan ach gá le Gardaí d’ár gcúl éisteacht?
An mbeidh meas ar Dhia inár dtodhchaí?
An dtabharfar dá chreidimh éisteacht?
Nó an mbeidh an svae leis an bPápa Proinnsias
An féidir leis An Cheist a réiteach?
An Cheangal
Nárbh dheas an áit é cúl an tí
De réir aisling an Riordánaigh
Neamh ar thalamh is saol simplí
Seachas ifreann shaolta Orwell?
Concubhar Ó Liatháin, Cléireach.