Caoineadh don Monsignor Pádraig Ó Fiannachta
Iar Uachtarán Dáimh Scoil Mhúscraí
A Phádraig chaoin mo bhrón gur imís
A Uasail shéimh doirtim duit brón is sílim deora tuíocha
Do thaisce leabhar is an stór filíochta
A choinneoid do bheatha go deo ‘nár gcuimhne
Slán go deo leat ó Chúirt na Dáimhe
Bhís mar choinneal órdha ar bhord na saoithe
Do mhanar sheol i Múscraí Má Fhloinn
Do dhoirt le deon dúinn na seoda áilne
Tréine do chreidimh do ghaoluinne agus d’inntealacht
A thuill duit an t-omós agus an onóir ab aired
“An Sagart” “Iris Má Nuad” agus an “Bíobla” ró-álainn
Od’ pheann thagadh leabhar beagnach gach lá uait
Suaimhneas síorraí guím id’ ród
Solas is aoibhneas mór dod’ anam
Beidh Catliona and Colm Cille le fáilte a chur romhat
Is cathaoir ríoga romhat le fanacht.