An Cheist, Aibreán 2022

Dáimh Scoil  Aibreán 22, 2022 Curfá Bliain na pandéime Bliain trína chéile Srianta is rialacha A’ bhfuil aon rud le ceiliúradh?  Suaimhneas is ciúnas mórthimpeall orainn An spéir gheal ghlan gan scamall   Faoiseamh iontach dos na héiníní Buairt uafásach ar O’Leary! Curfá Am sa bhreis ag formhór againn Chun aithne a chur ar a chéile Ionsaí sa bhaile do thuilleadh againn Greamaithe sa tig gan rogha Curfá An t-uaigneas níos measa do chuid againn   Le bás ár muinntir gan tórramh againn Gan ach dlúth cháirde in aice linn Sin mar a b’fhearr le roinnt againn. Curfá Buairt agus brú ar an óige Gan chairdeas, gan rince, gan cheol acu Iomad ama dá chaitheamh ar na meáin acu Ag crochadh timpeall gan treo acu. Curfá Follúntas mhór dá lán againn Gan obair, gan togra ná rogha againn Spás don chruthaitheacht do roinnt againn Chun bóthar’s treo nua a roghnú againn Curfá Anois a ghlaoim ar fhilí na dúithí   Mar onór ’s ómós d’ár sinnsear Dáimhscoil Mhúsraighe a choimeád beo beathach Leis an gCeist seo rómhaibh a fhreagairt. Curfá Na bóithre deas ciúin ’is sábhálta Balaithe breá cumhra na bhfiailí ann Daoine ag siúl, ag rith is ag rothaíocht leo Na h-ainmhithe saor …. Gobnait Ní Chruadhlaoich Uachtarán