Stair na Dáimh Scoile

Gabhann ceard agus cumadh na filíochta in Éirinn siar cúpla míle bliain  - roimh theacht Chríost fiú. Ealaín ab ea an fhilíocht i bhfad sara raibh an prós ann.  Tá Dáimh Scoil Mhúscraí Uí Fhloinn á cheiliúradh againn gach bliain (Nollaig) ó 1925 gan stad ná dul i léig, buíochas le Dia. 

 

Imíonn daoine, tagann daoine ach bíonn lucht éisteachta agus filí againn go flúirseach gach bliain. De ghnáth is amhlaidh a bhíonn an iomad píosaí fllíochta againn, mar ná bíonn an oíche fada go leor.  Ní dhéanfaimís an gnó, gan dabht, gan an lucht éisteachta a sheasann linn, augs a bhíonn mar chúis mhisnigh dúinn i gcónaí.  Níl a leithéid eile in Éirinn gur eol dom. 

 

Tá an Dáimhscoil bunaithe ar thraidisiún na seanchúirteanna a bhí in Éirinn fadó. Bhíodh ceann i mBaile Mhúirne i dTigh na Cille in aice le Reilig Ghobnatan. Thug Aogán Ó Rathaille cuairt uirthí sin timpeall na bliana 1700. Thóg muintir Colthurst ceannas ar stát na nIarlathach, agus nuair a cailleadh an tAthair Liam, an duine deireannach a chónaigh i dTigh na Cille, chuaigh feith na filíochta chun codlata lena bháis. 

 

Bhí Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann) ó Chúil Aodha ag múineadh scoile i Má Chromtha. Bhí fear ó Bhaile Mhúirne, Pádraig Ó Crualaoi (Gael na nGael), táilliúir, ina chónaí i Sráid an Chaisleáin i Má Chromtha. Bhí an-charadas eatarthu agus bhídís ag scríobh véarsaí chun a chéile, agus bhíodh Gael na nGael ag feitheamh leis an Suibhneach i mbarr an bhaile gach trathnóna Domhnaigh, ar a fhilleadh ó Chúil Aodha dó. 

 

Sa bhliain 1924, fuair an Suibhneach Meann post i Scoil Chúil Aodha, mar a raibh a dheirfiúr roimis, Cáit (Ní Shuibhne) Uí Liatháín. An bhliain chéanna cuireadh Dónal Ó Ceocháin go Cúil Aodha mar thimire Gaeilge, agus an bhliain sin leis, chuir Coiste Gairm Oideachais Chontae Chorcaí cúrsa speisialta ar siúl do mhúinteoirí Gaelainne. Bhí litríocht, dramaíocht agus seanachas ar an gclár. 

 

Bhí Dónal ó Corcora agus Pádraig Ó Domhnaill i gceannas ar an gcúrsa, agus bhí Peadar Ó hAnnracháin (Lorga Liathbhán) i mbun béaloideasa. I dtigh na Suibhneach ag crois Chúil Aodha a dheineadh sé cnuasach an lae amáirigh a bhailiú an oíche roimhré. Bhíodh scoil filíochta sa tigh agus Pádraig Mac Suibhne mar cheann ar an scoil sin. Bhíodh véarsaí go tiubh á ndéanamh ann - gach file ag cur a véarsa féin isteach, agus b’shin an  tús a chuir an chéad lasair fén Dáimhscoil atá againn inniu. 

 

Bunaíodh an Dáimhscoil i Scoil Náisiúnta Bhaile Mhúirne, Domhnach Cincíse 1925, agus baisteadh Dáimhscoil Bhaile Mhúirne urithí. Bhí triúr i láthair: Gael na nGael, Dónal Ó Ceocháin agus An Suibhneach Meann.  Toghadh Gael na nGael ina uachtarán agus bhí sé sa phost san go dtí 1948. Toghadh Dónal Ó Ceocháin mar chléireach nó mar reachtaire agus bhí sé ann go dti 1958. Socraíodh go mbuailfidís le chéile dhá uair sa bhliain, Domhnach Cincíse agus Lá ‘le Stíofán, ach ní raibh san oiriúnach, agus aistríodh an dáta go Nollaig na mBan. I 1929 tugadh an Dáimhscoil go Cúil Aodha agus baisteadh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn uirthí. 

 

Tháinig na sluaite ann an chéad oíche a raibh an ceiliúradh i gCúil Aodha: Mícheál Ó Cuilleanáin, agus slua leis ó gCairbre: Murt Ó Sé ó Eadargóil: Pádraig Ó Conaill ó Mhíros: Tórna: Dónal Ó Corcora; Tadhg Ó Duinnín; Seán Ó Conaill ón Muileann; Proinsias Ó Ceallaigh; Diarmaid a’ Choitir: Amhlaoibh Ó Loinsigh agus Seán Eoin Ó Suilleabháin; Dónal Ó Mulláin, agus a lán daoine maithe eile. Chuirtí cuireadh amach go dtí filí sa chomharsanacht lasmuigh, agus thagadh freagraí uatha, agus tosnaíodh ar Cheist na Dáimhe a leagadh amach. Tháinig crot níos fearr agus feabhas uirthí de réir a chéile.

 

Athbhunaíodh an tOireachtas i 1939, agus chuir san spriocadh mór fé chúrsaí na Dáimhe, thug misneach do na filí agus buadh mórán duaiseanna.  Ón Dáimhscoil a tháinig ‘An Poc Ar Buile’, ‘An Peidhleacán’, ‘Táimse agus Máire’, ‘An Imirce’ agus a lán, lán eile dán agus amhrán. 

 

Bhí An Suibhneach Meann mar uachtarán ó 1948 go dtí 1976: mar chomharba air bhí An Gabha Gaelach, Mícheál Ó Murchú, agus Dónal Ó Ceocháin, agus is é an Moinsineoir Pádraig Ó Fiannachta atá ina uachtarán fé láthair.  Toghadh Peadar Ó Liatháin, nia leis An Suibhneach Meann, mar chléireach ar bhás do Dhónal Ó Ceocháin, agus chaith sé breis is leath chéad bliain sa phost.  Cailleadh Peadar Ó Liatháin anuraidh agus toghadh a nia, Concubhar Ó Liatháin, ina áit.   Dob é ‘An Suibhneach Meann’ a sheanúncail agus m’athair féin chomh maith.  Mar sin tá mo shaol caite agam ag éisteach agus ag cumadh filíochta agus ag ullmhú don Dáimh Scoil gach bliain.  

 

Betsy Ní Shuibhne

Leas Uachtarán